A Dialect of Donegal/Texts/Leadairt na bhfear mór

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search

L′αdərt′ Nə vαr mo:r.

vi: gαvd′i:n′ gõ:nə Nə χõ:nĩ: er′ ə dα:rNỹ: eg() tiuw ꬶo̤ŋkαneil′ə.

Leadairt na bhfear mór.

Bhí Gaibhdín Gabhna na chomhnuidhe air an Dárnaí aig taobh Dhuncanéile.

Ni: ro gæʃk′iαχ ər′ b′iç` sə ræ·N′ɔ:rpə k′r′iəχni:, gə wα:t() ʃə ə χyd′ ir′im′ ə ꬶαvd′i:n′ gõ:nə αgəs ku:rsα f′jɔ:ləm′ə. Ní robh gaiscidheach air bith san rann Eórpa críochnaighthe, go bhfaghadh sé a chuid airm o Ghaibhdín Gabhna ⁊ cúrsa feoghluime.
hen′ik′ əN Lα: wα̃:n ku:·χo̤liN′ iN′ʃer′ gə wα:t() ʃə ə χu:rsə gæʃk′u:lαχt k′r′iəχni:. Thainic aon lá amháin Cúchulainn annsair go bhfaghadh sé a chúrsa gaisceamhlacht críochnaighthe.
N′i: hα:n̥əd, ərsə gαvd′i:n′ gõ:nə. Ní gheánfad, arsa Gaibhdín Gabhna.
ho̤g bɔlər l′eʃ ə ꬶlæʃ ꬶα̃vl′ïNə w⅄:m l′ɛ t′r′ɛəN Lα̃:və. Thug Balar leis an Ghlais Ghaibhleanna uam le tréan láimhe.
mα: vïr tuw ər′eʃ ə ꬶlæʃ ꬶα̃vl′ïNə, jα:n̥ə m′iʃə də ꬶrẽ:hə. Má bheir tú air ais an Ghlais Ghaibhleanna, gheánfaidh mise do ghraethe.
vɛ:r̥ə m′iʃ i: er′eʃ, ərsə ku:·χo̤liN′. Bhéarfaidh mise í air ais, arsa Cúchulainn.
d′ïm′i: gə tɔri:, ə Nα:t′ ə ro kæʃL′αn wɔlir′. D’imthigh go Toraigh, an áit i robh caisleán Bhalair.
Ner′ ə hen′i ʃə gə br⅄:χ Nə fαrəg′ə, ꬶlαk ʃɛ ïglə rï̃və wɔlər αgəs χɔ:r′i: ə hein′ ə N′eid′uw mrα̃:. Nuair thainic sé go bruach na fairge, ghlac sé eagla roimhe Bhalar ⁊ chóirigh ó fhéin ann éideadh mná.
χUi ʃə ʃtαχ. Chuaidh sé asteach.
d′iN′iʃ də wɔlər gər χo̤mrα:di: i: dα n′i:n′. D’innis do Bhalar gur chomrádaidhe í da nighin.
ꬶlαk N′iən wɔlir′ e: mər χo̤mrα:di:. Ghlac nighean Bholair é mar chomrádaidhe.
vi:t() ʃəd ə ʃu:l αgəs ə kõ:rα:. Bhidheadh siad ag siubhal ⁊ ag comhrádh.
bə ꬶer′id′ gə ro:s ɛg() N′iən wαlir′ gər f′αr ə vi: əNə ko̤mrα:di:. Bu ghoirid go robh fhios aig nighean Bhalair gur fear bhí ann a comrádaidhe.
hït() ʃi: gə mo:r ə ŋrα: l′eʃ. Thuit sí go mór i ngrádh leis.
ꬶyd′ N′iən wαlir′ αgəs ku:·χo̤liN′ ə ꬶlæʃ ꬶα̃vl′ïNə əNsə Nĩ:çə αgəs ho̤g əʃt′αχ ər t′i:r′ mo:r′ i:. Ghuid nighean Bhalair ⁊ Cúchulainn an Ghlais Ghaibhleanna anns an oidhche ⁊ thug asteach air tír móir í.
LαχərNə·wα:rαχ χro̤n̥i: bɔlər ə wɔ:. Lá air n‑a bhárach chrunthaigh Balar a bhó.
l′æN′ ʃə ku:·χo̤liN′. Lean sé Cúchulainn.
t′αχt əN′is Nə rɔsə, hen′i ʃə ku:χo̤liN′ wαd rï̃. Ag teacht aníos na Rosa, chonnaic sé Cúchulainn i bhfad roimhe.
vi: su:L′ N′ï̃və ɛg′ bɔlər. Bhí súil neimhe aig Balar.
Ner′ ə noχtət() ʃə i:, ə çïd ro̤d ə Nα͠uwir′k′αχət() ʃə er′, ʃk′r′ïsət() ʃə e:. Nuair nochtadh sé í, an chéad rud da n‑amhairceachadh sé air, scriosfadh sé é.
dα͠uwərsə əN′ei χu:·χo̤liN′. D’amhairc sé i ndiaidh Chúchulainn.
αχ ʃe: N tαluw ən çïd ro̤d ə hen′i ʃə. Acht is é an talamh an chéad rud a chonnaic sé.
rïN′ ʃïn′ ə tαluw d′αrəg αgəs tα: N dα ʃïn′ er′ ə t′i:r sən ɔ ·w̥ïn′. Rinne sin an talamh dearg ⁊ tá an dath sin air an tír sin o shoin.
Ner′ ə hen′ik′ ku:χo̤liN′ αd l′ɛ gαvd′i:n′ gõ:nə αgəs ə wɔ: l′eʃ, vi: LUχær′ wo:r ər′ ꬶαvd′i:n′ αgəs rïN′ ʃə f′ɛəstə mo:r dɔ: hein′ αgəs də χu:χo̤liN′. Nuair thainic Cúchulainn fhad le Gaibhdín Gabhna ⁊ an bhó leis, bhí lúthgháir mhór air Ghaibhdín ⁊ rinne sé féasta mór dó fhéin ⁊ do Chúchulainn.
ɛg′ d′er′uw N′ɛəstə d′iərsə er′ χu:χo̤liN′ ʃkɛəl iN′ʃə dɔ: əN ti:w ɔ jαs. Aig deireadh an fhéasta d’iarr sé air Chúchulainn scéal do innse dó o’n taobh o dheas.
du:rt′ ku:χo̤liN′ Nαχ d′ïkuw l′eʃ ʃïn′ ə jα:nuw αgəs din′ ər′ b′iç el′ə və g′eiʃt′αχ(t). Dubhairt Cúchulainn nach dtiocfadh leis sin do dhéanadh ⁊ duine air bith eile do bhéith ag éisteacht.
glαn̥ə m′iʃə N′ t′αχ, ərsə gαvd′i:n′. Glanfaidh mise an teach, arsa Gaibhdín.
dɔ:rdi ʃə mαχ rɔ ə ꬶi:n′i: sə t′αχ. D’órdaigh sé amach a robh de dhaoiní san teach.
vi: N′iən sə gαvd′i:n′ αgəs N′i: həmαχ ə χUi ʃi αχ ə wɔlαχ ə gu:l ə dɔriʃ. Bhí nighean aig Gaibhdín ⁊ ní h‑amach chuaidh sí acht i bhfolach i gcúl an dorais.
hɔʃi: ku:χo̤liN′ ə jiN′ʃə ʃk′eil′ αgəs du:rt′ gə den′ik′ kï̃vαd kũ:n′ αgəs kαlə er′ əN Lα: wα̃:n′, gə wαky: ʃə Lo̤ŋ ə tαrN′t′ hïg′ə (hig′ə) əs ə Nα:rd′ hiər. Thoisigh Cúchulainn do innse scéil ⁊ dubhairt go dtainic coimhéad cuain ⁊ cala air aon lá amháin, go bhfacaidh sé long ag tairnt chuige as an áird thiar.
gə ro` ·αn·veid′ əNsə Lyɲ, ə N′αr əwα̃:n′ er′ bɔ:rd αgəs gə den′i ʃi: kɔ gαstə, Nαχ ro mαi l′eʃ t′eçũw. Go robh an-mhéid anns an luing, aon fhear amháin air bórd ⁊ go dtainic sí comh gasta, nach robh maith leis teicheadh.
l′e:m′ ʃə mαχ əs ə Lyɲ αgəs ·bɔlɔg ·l′eʃ. Léim sé amach as an luing ⁊ bológ leis.
vi: n wɔlɔg mo:r ər′eir′ ə N′ir αgəs Nə Lyɲə. Bhí an bhológ mór do réir an fhir ⁊ na luinge.
hen′ik′ əN′i:s αgəs əN kæN′t′ə l′ɛ ku:χo̤liN′. Thainic aníos ⁊ ’un cainte le Cúchulainn.
d′iəfri: əN′ d′ïkuw l′eʃ g′l′ɛəs briçə α:L dən wɔlɔg′. D’fhiafraigh an dtiocfadh leis gléas bruithe do fhagháil do’n bholóig.
vi: kuəl χo̤Ny: hαχt m′l′iən αgəs kɔr′ə ə wriçuw ʃαχt mo̤kə, ʃαχt mwiL′t′ αgəs ʃαχt mαrt′. Bhí cual chonnaidh sheacht mbliadhan ⁊ coire a bhruithfeadh seacht muca, seacht muilt ⁊ seacht mairt.
heʃαN dɔ: n χuəl χo̤Ny:. Theiseain dó an chual chonnaidh.
χo̤rsə ə ꬶα: lα̃:v αχα·di:widiçə. Chuir sé a dhá láimh (g)ach fá dtaobh dithe.
ho̤g l′eʃ αgəs dα:g y: N′αs dən wɔlɔg′. Thug leis ⁊ d’fhág í neas do’n bholóig.
hen′ik′ ər′eʃ αgəs ro̤g er′ ə χɔr′ə. Thainic air ais ⁊ rug air an choire.
ho̤g l′eʃ αgəs dα:g ə kɔr′ə Nə hiə er′ ə χuəl. Thug leis ⁊ d’fhág an coire na shuidhe air an chual.
ꬶlαk ə χlα͠ıəv αgəs ꬶlαn ə wɔlɔg αgəs χo̤r sə χɔr′ i:. Ghlac a chlaidhimh ⁊ ghlan an bhológ ⁊ chuir san choire í.
vi: N′ t′in′i mo:r αgəs bə ꬶer′id′ gə ro: N′ɔ:l′ brit′ə. Bhí an teini mór ⁊ bu ghoirid go robh an fheóil bruithte.
·hi` ·ʃi:s αgəs hu:si: jiçə Nə f′ɔ:lə, gər i ʃə mɔrαn. Shuidh síos ⁊ thúsaigh d’ithe na feóla, gur ith sé mórán.
ro̤g er′ ö̤:rk Nə bɔlɔg′ə αgəs hu:si: ʃə ꬶɔ:l ə tuw. Rug air adharc na bolóige ⁊ thúsaigh sé do ól an tsúgh.
Ner′ ə dɔ:L ʃə hα(:)iç αgəs d′i ʃə hα(:)iç, χæ ʃə w⅄ə Nö̤:rk. Nuair d’ól sé a sháith ⁊ d’ith sé a sháith, chaith sé uadh an adharc.
hït() ʃi: ər′ ə wα:r χ⅄:l αgəs χUi ʃi: g′ïtə mo:r ə dαluw. Thuit sí air an bharr chaol ⁊ chuaidh sí giota mór i dtalamh.
niʃ, ərs ən f′αr mo:r, tα: Nα̃:wid′ mə jeisə, f′αr el′ə tα: gə mo:r N′i:s mo: Nα m′iʃə l′ɛ mə wαrəwə. Anois, arsa an fear mór, tá námhaid mo dhiaidh-sa, fear eile tá go mór níos mó ná mise le mo mharbhadh.
ə N′α:n̥α kï̃vαd dŨw̥` αgəs gən ə l′ig′ən ɔrəm ə gyN′əst, χïL′αχiN′ N′ɛəl, Ner′ ətα: mə hα(:)ït′ əgəm αgəs mə hα(:)iç ɔ:Ltə, ə wα:N′ N′ɛəl ko̤Lətə. Da ndeánthá coimhéad domh ⁊ gan é do leigean orm a gan fhios(t) choidleachainn néal, nuair atá mo sháith ithte agam ⁊ mo sháith ólta, da bhfaghainn néal codlata.
N′i:r′ χo̤dil′ m′ə ə N′ɛ:L′ L′ə ʃαχt Nỹ:çə αgəs ʃαχt Lα: αgəs ə f′αr mo:r mə jei. Níor chodail mé aon néal le seacht n‑oidhche ⁊ seacht lá ⁊ an fear mór mo dhiaidh.
ə wα:N′ N′ɛəl ə χo̤Luw, ʃi:ləm gə m′eiN′ α:bəLt ə r̥ïd′. Da bhfaghainn néal do chodladh, saoilim go mbéidhinn ábalta do throid.
jαL ku:χo̤ləN dɔ: gə gï̃vαdit() ʃə. Gheall Cúchulainn dó go gcoimhéadadh sé.
mα: vi:m dæl′i: wo̤skluw, ərse:, g′α:r ə Lö̤:r vïg di:m. Má bhidhim doiligh do mhuscladh, arsé, gearr an ladhar bheag díom.
hït() ʃə Nə χo̤Luw αgəs hi:l̥′α gə dαrN′αχət() ʃə ꬶα: hy:w ə dõ:n′ er′ ə çɛl′ə l′ɛ srαNfwi:. Thuit sé na chodladh ⁊ shaoiltheá go tairngeachadh sé dhá thaobh an domhain air a chéile le srannfaoi.
ə k′ïN tαmwiL′ henik′ ku:χo̤liN′ ə Lo̤ŋ wo:r ə t′αχt. Aig ceann tamaill chonnaic Cúchulainn an long mhór ag teacht.
N′i: ro Lo̤ŋ ə çïd αhi: αχ mər vαu kɔpαn ə go̤mɔrtəʃ L′eʃ ə Lyɲ jer′əNỹ:. Ní robh long an chéad fhathaigh acht mar bhéidheadh copan i gcomórtas leis an luing dheireannaigh.
χræ ʃə n fαhαχ. Chraith sé an fathach.
αχ N′i: hen′ik′ l′eʃ ə wo̤skluw. Acht ní thainic leis é do mhuscladh.
hαrN′ ʃə ə χlα͠ıəv αgəs win′ə Lö̤:r vïg de` l′ɛ bwiL′ə mo:r. Thairng sé a chlaidhimh ⁊ bhain an ladhar bheag de le buille mór.
d′eir′i: ʃə əNə hαsuw. D’éirigh sé ann a sheasadh.
Ni: row əN αχ gə ro ʃe əNα hαsuw αgəs fwi: αrəm, Ner′ ə vi: ə fα:χ mo:r ə Lαhær′. Ní robh ann acht go robh sé ann a sheasadh ⁊ faoi arm, nuair bhí an fathach mór i lathair.
hu:si: N′ L′αdərt′. Thusaigh an leadairt.
N′i: αkəs ə l′ehəd′ ər′iuw ə N′eiriN′. Ní fhacas a leitheid ariamh i n‑Éirinn.
vi: ko̤muw ər′ ə Nα:χ wo:r, gə m′eit() ʃə ·rɔ:·α:bəLt ɛg′ ə çïd αr. Bhí cumadh air an fhathach mhór, go mbéidheadh sé ró-ábalta aig an chéad fhear.
vi: N′i:s mo: ꬶα̃:v ɛg′ ku:χo̤liN′ L′eʃ ə çïd αr. Bhí níos mó de dháimh aig Cúchulainn leis an chéad fhear.
hαrN′ ə χlα͠ıəv αgəs hɔʃi: ə w⅄:luw ə N′ir′ wo:r′. Thairng a chlaidhimh ⁊ thoisigh do bhualadh an fhir mhóir.
N′i: row əN αχ gə den′ik′ l′eʃ sriçuw gə m′αL ə χɔs. Ní robh ann acht go dtainic leis sroicheadh go meall a chos.
mər sən ·hein′, vi: ʃə ko̤r f′ir′ig′ ər′ ə N′αr wo:r. Mar sin fhéin, bhí sé cur feirge air an fhear mhór.
χo̤rsə hαrt ə lα̃(:)uw. Chuir sé thart a lámh.
fwy:rsə g′r′im′ er′. Fuair sé greim air.
(:)i ʃə suəs fwi: Nə veL′t′ ə. Sháith sé suas faoi n‑a bheilt é.
vi: f′αrəg er′ χu:χo̤liN′ αgəs hu:si: ʃə jαruw Nə b′eL′t′ə. Bhí fearg air Chúchulainn ⁊ thúsaigh sé do ghearradh na beilte.
fα jer′uw fwy:rsə ə g′αruw. Fá dheireadh fuair sé a gearradh.
Ner′ ə g′αruw n veL′t′, hït′ ku:χo̤liN′ əN tαlïv. Nuair gearradh an bheilt, thuit Cúchulainn ’un talaimh.
N′i: wy:rsə əN′ L′ïguw ər′iuw kɔ mɔ:r l′eʃ. Ní fhuair sé aon leagadh ariamh comh mór leis.
vi: N′i:s mõ: f′ir′ig′ er′ Nα vi: ərï̃və αgəs vi: ʃə kyr′ jiərəgni: er′ ə N′αr wo:r. Bhí níos mo feirge air ná bhí aroimhe ⁊ bhí sé cuir iargnuidh air an fhear mhór.
χo̤rsə hαrt ə lα̃(:)uw. Chuir sé thart a lámh.
ro̤g ʃə er′ αgəs χæ ʃə ʃiər ə mα̃χir′ ə. Rug sé air ⁊ chaith sé siar an machaire é.
ʃɛ Nα:t′ ər′ hït() ʃə er′ wo̤Lαχ ə çiN′ ʃi:s ə No̤:rk Nə bɔlɔg′ə. Is é an ait ar thuit sé air mhullach a chinn síos ann adharc na bolóige.
Ner′ ə χuəli: N′iən ꬶαvd′i:N′ ʃo, l′ig′ ʃi: gα:r′ə mo:r ə gu:l ə dɔriʃ. Nuair chualaidh nighean Ghaibhdín, leig sí gáire mór i gcúl an dorais.
N′i: ku:χo̤liN′ bə χɔ:r ə və ɔrt sə Nαm ʃïn, ərsi:, αχ kuw Nə heirk′ə. Ní Cúchulainn bu choir do bhéith ort san am sin, arsí, acht Cú na h‑Adhairce.
mə wαLαχt ɔrt, ərso ku:χo̤liN′, αgəs er′ wrα̃: Nə heir′əNə. Mo mhallacht ort, arsa Cúchulainn, ⁊ air mhná na h‑Éireanna.
tα: N′ ʃk′ɛəl kæL′t′ə. Tá an scéal caillte.
vi: t′r′iəN də hαnəχəsk Nə heir′əNə ə viəNyαχt, t′r′iən ə ʃk′ɛəliαχt αgəs t′r′iən ər l′αdərt′ Nə vαr mo:r. Bhí trian de sheanchas(c) na h‑Éireanna i bhfiannaigheacht, trian i scealaigheacht, trian air leadairt na bhfear mór.
Ni: χlïn̥′αr gə brα:χ ə l′ə hïglə gə glïn′f′i: kɔ do̤nə əs d′eir′i: dũ:sə. Ní chluinfear go brathach é le h‑eagla go gcluinfidhe comh dona as d’éirigh domhsa.
kæL′uw n χyd′ el′ə dəN′ ʃk′ɛəl.


Cailleadh an chuid eile de’n scéal.