Page:Quiggin Dialect of Donegal 0205.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread, but needs to be validated.
205

an faitheach aniu. Buail buille beag de do chlaidhimh air an ghad seo ⁊ leig mise anuas. Ní bhuailfidh, arsa Éamonn. Is dóiche gur b’é do dhrochghniomharthaí fhéin a d’fhág innsin thú. Ce b’air bith ar chuir suas thú, tugadh sé anuas thú. Thainic sé na bhaile. Ní robh acht dhá scairt anns an ghleann an oidhche sin. Lá air na bhárach fuair sé teach a bhí lán feadógaí, a leigean amach, aire do thabhairt dóbhtha air feadh an lae, ⁊ a gcruinniughadh asteach trathnóna. Nuair a scaoil sé amach na feadógaí, d’imthigh siad an uile chearn ⁊ ní robh aon cheann le feiceál aige. bhí sé buaidheartha ⁊ scairt sé aríst air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Dona thú, arsa ’n cu, nach bhfuil ábalta na feadógaí do chruinniughadh. Amhairc ann m’ascaill chlí. D’amhairc ⁊ fuair sé fídeóg bheag ann. Nuair is maith leat iad do chruinniughadh seinn air sin. Sheinn sé air an fhídeóig ⁊ chruinnigh na feadógaí as (g)ach uile chearn a robh siad isteach gur dhruid sé an dorus. Shiubhail leis síos ’un an ghleanna go dtainic fhad leis an Chrochaire Thárrnochttha. A Éamuinn Ui Ciórrthais, is tú an gaiscidheach is fearr san domhan. Mharbhuigh tú an faitheach ané. Chart tú an bóitheach ané. Chruinnigh tú na feadógaí asteach aniu. Muirfidh tú faitheach eile aniu. Buail buille beag de do chlaidhimh ⁊ leig mise anuas. Ní mé a chuir suas thú ⁊ ní me a leigfeas anuas thú, arsa Éamonn. Shiubhail leis síos ’un an ghleanna. Thainic an faitheach mór ann a aracais a bhí i bhfad níos mó na’n chéad cheann. A Éamuinn Ui Ciórrthais, a dhailtín bhig, bheadaigh! Mharbhuigh tú mo dhearbhbhrathair ané, acht bhéarfaidh tú díol ann aniu. An íde chéadna fuair do dhearbhbhrathair ané, gheóbh tusa é aniu. Thoisigh an troid ⁊ ní robh acht trumparacht ann go dtí sin. Throid siad go robh sé ’g éirigh dorcha. Ghlac Éamonn ochtach amháin. Thairrn sé a chlaidhimh. Leis an bhéim sin bhain se an ceann de’n fhaitheach. Thug sé léim eadar an ceann ⁊ an cholann mar rinne sé aroimhe. Thainic sé abhaile. Ní robh acht aon scairt amháin san oidhche sin. Air maidin lá air n‑a bhárach d’éirigh Éamonn, dubhairt an rí leis: Tá loch annseo ’bhfuil trian de mo dhúithche folaighthe aige. Caithfidh tú é ’bheith taomtha tirim agad aig an trathnóna. Scairt Éamonn air Chú Beag na Garbhchoilleadh. Amhairc astigh ann mo chluais dheis, arsa’n cú. Fuair sé an spanóg bu lugh chonnaic sé ariamh. Tóg lán na spanóige ⁊ caith síos an cnoc é. Níor fhan aon dheór amháin ann. Shiubhail leis sios ’un an ghleanna. Sé do bheatha, a Éamuinn, arsa’n Crochaire. Tá beirt de na fathaigh marbh agad. Tá dhá dtrian de nighean an rí bainte agad. Muirfidh