Page:Quiggin Dialect of Donegal 0207.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread, but needs to be validated.
207

tú an faitheach mór aniu. ⁊ buail buille beag de do chlaidhimh air an ghad seo. A’s beidh mo chuideadh agad go bráthach. Ní mé chuir suas thú ⁊ ní mé bhéarfas anuas thú. Shiubhail leis síos ’un an ghleanna. Thainic an faitheach mór ann a aracais. Bhí sé éagsamhalta. A Éamuinn Ui Ciórrthais, a sclábhuidhe mhallaiglithe, mharbhuigh tú mo dhá dhearbhbhrathair acht is goirid go mbuinfidh mise do ceann díod. An íde chéadna fuair do dhá dhearbhbhrathair gheóbh tusa. Thoisigh an troid ⁊ níor bhfiú brobh é go dtí sin. Thóg Éamonn a chlaidhimh le meisneach ⁊ dóchas. Bhuail an faitheach i gcomhrac a chinn ⁊ a mhuineáil. Chaith an ceann air shiubhal fad naoi n‑eitire ⁊ naoi n‑iomaire. Leím é-fhéin eadar an ceann ⁊ an cholann mar rinne aroimhe. Thiontaigh ’un an bhaile gur chas dó an Crochaire Tárrnochttha. A Éamuinn Ui Ciórrthais, arsé, tá nighean an ríogh bainte agad. Tá na trí faithigh marbh. Ní fheicfidh mise níos mó thú. Scaoil mise as seo. Agus má chuirim fearg ort a choidhche thig leat mo cheangal suas air ais. Gheánfaidh mise sin, arsa Éamonn. Bhuail sé buille beag de’n chlaidhimh ⁊ ghearr sé an gad. Thuit an Crochaire anuas go talamh. D’amhairc sé go fiata air Éamonn. Mharbhuigh tú mo thriúr dearbhbhraithreacha acht muirfidh mise thusa, arsa’n Crochaire. An íde chéadna fuair do chuid dearbhbhraithreacha gheóbh tusa. Ní fiú liom do mharbhughadh ⁊ ní mhuirfidh mé thú as siocair gur scaoil tú mé. Rug sé air Éamonn, bhain de a chuid éadaigh ⁊ cheangail suas é air an chrann chéadna air a robh sé fhéin. B’iomdha scread ⁊ gártha cruaidh a bhí aig Éamonn. Thug an Crochaire rása. Rug sé air nighean an ríogh. Léim sé amach air an dorus ⁊ í leis. Ní robh fhios soir no siar ce an áit a deachaidh sé. Chonnaic seirbhíseach de chuid an ríogh Éamonn crochta as an chrann. Ghlac truaighe é ⁊ ghearr sé an gad. Bhí lúthgháir air Éamonn ⁊ rinne sé deifre go teach an ríogh. Bhí buaidhreadh mór annsin nighean an ríogh imthighiste. Ghlac fearg mhór an rí. Dubhairt sé gur b’é Éamonn bu chiontaidh ⁊ nach dtiúbhradh rud air bith acht a cheann do chur air spíce sásughadh dó. Deán rud eile liom, arsa Éamonn. Shaor(th)aigh mé do nighean ⁊ mharbhuigh mé na trí fathaigh. Anois tabhair domh lá ⁊ bliadhain le do nighean do thabhairt air ais. Mur bhfaghaidh mé í, tiocfaidh mé air ais má bhídhim beó ⁊ cead agad annsin mo cheann do chur air spíce. Gheánfaidh mé sin leat, arsa an rí. D’imthigh Éamonn ⁊ shiubhail sé mórán. Fa dheireadh ní robh fhios aige cá robh sé ’g dul. Ní fhuair sé aon tuairisc. Trathnóna amháin ⁊ é an-tuirseach tharlaidh gur chas dó teach i n‑imeall coilleadh.

Chuaidh sé