Page:Quiggin Dialect of Donegal 0223.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread, but needs to be validated.
223

trí oidche ag

seóltaracht nuair dh’fhiafruigh Giolla na gCochall Craicionn, A bhuachailli, cá bhfuil sibh ag dul? Dubhairt siad ce b’air bith áit da séidfidh an ghaoth sinn. Dubhairt Giolla na gCochall Craicionn le Lughaidh an long do stiúrughadh air na h‑Indiacha shoir. Nach robh aon bhean an-dóigheamhail san domhan nachar mhaith leóbhtha do bhéith ocú. Gheánfaidh mise sin, arsa Lughaidh. Sheól siad am mór fada. Lá amháin d’iarr Fionn air Chaoilte do dhul go barr an chrainnseóil. Rinne Caoilte sin. Dubhairt sé go bhfacaidh sé talamh. Da ndeánadh siad obair mhaith go mbéidheadh siad aige le h‑éirighe gréine. Lá air n‑a mhárach chuaidh Caoilte go barr an chrainnseóil ⁊ dubhairt sé, Tím tír bhréagh, cuairt ⁊ caisleán, buachaillí an bhaile mhóir ag iomáin air an tráigh. Tím dhá fhichead long, fiche ceann air gach taobh de’n chéidh ⁊ áit ceann amháin eatorrú. A Lughaidh, stiúraigh do long asteach annsiud. Gheánfaidh mise sin, arsa Lughaidh. Rinne ⁊ níor cuireadh teachtaire amháin o’n rí dho fhiafraigh cé iad fhéin. Is olc an chosamhlacht seo, arsa Fionn. A Fhinn, arsa Giolla na gCochall Craicionn, caithfidh tú duine do chur do chaint leis an rí. Ni robh aon fhear air an luing a ghlacadh air fhéin do dhul do chaint leis an rí. Bu é ab ainm do’n rí Éamonn Tréanbhuilleach. A mháighistir, arsa Giolla na gCochall Craicionn, rachaidh mé fhéin ’un an chaisleáin. Creidim gur tú is fearr, arsa Fionn. Chuir air a chulaidh airm ⁊ chuaidh ’un an chaisleáin. Bhuail sé buille anns an chuaille comhraic. Thainic chuige gaiscidheach dar bh’ainm Cítheach Cruaidharmach. Go dé tá tú da iarraidh? arsé. Chuir mo mháighistir, Fionn mac Cumhaill annseo mé dho iarraidh tuighe dó fhéin ⁊ do bheagán da chuid fear. Da ndeánadh cró muc no madadh maith dó, ní bhfuigheadh sé é. Acht tá teach amhas thíos aig an chladach. Má gheibh sibh aontuigheas o na h‑amhais, bidheadh sé agaibh ⁊ mur bhfaghaidh, bidhidh folamh. Teiseanadh teach na n‑amhas dó. Nuair chuaidh sé asteach air an dorus, ní robh aon amhas anns an teach nach deárn gáire. Go dé adhbhar bhur ngáire? arsa Giolla no gCochall Craicionn. Fá d’oiread-sa de fheóil úr do bhéith againn. Béidh fhios agaibh a mhalairt sin de scéal. Rug sé greim dhá lurga air an fhear bu neise dó ⁊ thúsaigh sé da gcoscairt leis an fhear sin, go dtí go robh deireadh marbh aige acht aon fhear amháin. Bhi an t‑amhas caithte aige go dtí an dá ghiota bhí ann a dhá dhorn aige. Chaith sé na h‑amhais amach ⁊ rinne carnán díobhtha. Chuaidh air ais ’un na luinge. Tá teach againn annseo, acht ní’l biadh air bith. Caithfidh muid biadh iarraidh o’n chaisleán. Chuaidh ’un an chaisleáin ⁊