Page:Quiggin Dialect of Donegal 0239.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread, but needs to be validated.
239

le Gaibhdín Gabhna ⁊ an bhó leis, bhí lúthgháir mhór air Ghaibhdín ⁊ rinne sé féasta mór dó fhéin ⁊ do Chúchulainn.

Aig deireadh an fhéasta d’iarr sé air Chúchulainn scéal do innse dó o’n taobh o dheas.

Dubhairt Cúchulainn nach dtiocfadh leis sin do dhéanadh ⁊ duine air bith eile do bhéith ag éisteacht.

Glanfaidh mise an teach, arsa Gaibhdín.

D’órdaigh sé amach a robh de dhaoiní san teach.

Bhí nighean aig Gaibhdín ⁊ ní h‑amach chuaidh sí acht i bhfolach i gcúl an dorais.

Thoisigh Cúchulainn do innse scéil ⁊ dubhairt go dtainic coimhéad cuain ⁊ cala air aon lá amháin, go bhfacaidh sé long ag tairnt chuige as an áird thiar.

Go robh an-mhéid anns an luing, aon fhear amháin air bórd ⁊ go dtainic sí comh gasta, nach robh maith leis teicheadh.

Léim sé amach as an luing ⁊ bológ leis.

Bhí an bhológ mór do réir an fhir ⁊ na luinge.

Thainic aníos ⁊ ’un cainte le Cúchulainn.

D’fhiafraigh an dtiocfadh leis gléas bruithe do fhagháil do’n bholóig.

Bhí cual chonnaidh sheacht mbliadhan ⁊ coire a bhruithfeadh seacht muca, seacht muilt ⁊ seacht mairt.

Theiseain dó an chual chonnaidh.

Chuir sé a dhá láimh (g)ach fá dtaobh dithe.

Thug leis ⁊ d’fhág í neas do’n bholóig.

Thainic air ais ⁊ rug air an choire.

Thug leis ⁊ d’fhág an coire na shuidhe air an chual.

Ghlac a chlaidhimh ⁊ ghlan an bhológ ⁊ chuir san choire í.

Bhí an teini mór ⁊ bu ghoirid go robh an fheóil bruithte.

Shuidh síos ⁊ thúsaigh d’ithe na feóla, gur ith sé mórán.

Rug air adharc na bolóige ⁊ thúsaigh sé do ól an tsúgh.

Nuair d’ól sé a sháith ⁊ d’ith sé a sháith, chaith sé uadh an adharc.

Thuit sí air an bharr chaol ⁊ chuaidh sí giota mór i dtalamh.

Anois, arsa an fear mór, tá námhaid mo dhiaidh-sa, fear eile tá go mór níos mó ná mise le mo mharbhadh.

Da ndeánthá coimhéad domh ⁊ gan é do leigean orm a gan fhios(t) choidleachainn néal, nuair atá mo sháith ithte agam ⁊ mo sháith ólta, da bhfaghainn néal codlata.

Níor chodail mé aon néal le seacht n‑oidhche ⁊ seacht lá ⁊ an fear mór mo dhiaidh.

Da bhfaghainn néal do chodladh, saoilim go mbéidhinn ábalta do throid.

Gheall Cúchulainn dó go gcoimhéadadh sé.

Má bhidhim doiligh do mhuscladh, arsé, gearr an ladhar bheag díom.

Thuit sé na chodladh ⁊ shaoiltheá go tairngeachadh sé dhá thaobh an domhain air a chéile le srannfaoi.

Aig ceann tamaill chonnaic Cúchulainn an long mhór ag teacht.

Ní robh long an chéad fhathaigh acht mar bhéidheadh copan i gcomórtas leis an luing dheireannaigh.

Chraith sé an fathach.

Acht ní thainic leis é do mhuscladh.

Thairng sé a chlaidhimh ⁊ bhain an ladhar bheag de le buille mór.

D’éirigh sé ann a sheasadh.

Ní robh ann acht go robh