Page:Quiggin Dialect of Donegal 0195.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread, but needs to be validated.
195

Seanfhocla.

 1. Leis an uile mhadadh a chnáimh.

 2. Bidhidh a chiall fhéin aig an uile dhuine ⁊ ciall air leith aig an fhear mhire.

 3. Ní fhuair an madadh ruadh teachtaire ní b’fhearr ná é fhéin.

 4. Margadh na bpáistí, leig domh, leigfidh mé duid.

 5. Is námhaid an chéird gan a feoghluim.

 6. Saoilidh an t‑éan dubh gur b’é a éan fhéin an t‑éan is báine air bith.

 7. Scéal do innse do chapall ⁊ an capall air tóin ann áirde.

 8. Níor mhisde do Pheadar Pól.

 9. Tús ceatha ceó.

10. Cruinnighidh brobh beairt ⁊ líontar saic de phoiríní.

11. Cuireann súil thnúiteach corp ’un na cille ⁊ mart ’un an phota.

12. Is é mar tá fear na h‑aon bhó. Tá sé faoi smacht aig fear an dá bhó. Acht an té a bhfuil aige an sé no an seacht, ní fhaghann sé ceart o fhear an naoi.

13. Deir an cat, cé d’ith an t‑im? na mná.

14. Is fhearr do bhéith as an tír ná as an fhaisiún.

15. Is galar do’n ghabhar nuair nach n‑itheann sé eidhean.

16. Bidhidh rath air raplachan ⁊ théid an streabhóg amudha.

17. Gach éan mar oiltear ⁊ an naoscann san eabar.

18. Ní seibhte air bith do bhéith folamh.

19. An stráinséair i n‑aice an dáinséair agus an bearach féaraigh i n‑aice an dorais.

20. Sé mar tá an t‑an-eólaidh dall. Ní ghlacann sé comhairle o neach a maireann. Gan eolas is fearr leis do bhéith ná aidbheáil go bhfuil sé i n‑ainbhfios.

21. Dhá dtrian galair le h‑oidhche, ghá dtrian gaoithe le crannaibh, dhá dtrian sneachta le sléibhte ⁊ dhá dtrian gréine le beanna.

22. Dis nach gcuireann le chéile, fear na céille ⁊ fear na h‑éigcéille, de bhrígh go saoileann fear na h‑éigcéille gur b’e fhéin fear na céille.

23. Ní truimide do’n loch an lach.
Ní truimide do’n each a shraon (shrian).
Ní truimide do’n chaora a h‑olann
⁊ ni truimide do’n cholann ciall.

24. Is cosamhail le chéile an ball séire ⁊ a ghiolla.