Page:Quiggin Dialect of Donegal 0209.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread, but needs to be validated.
209

asteach. Ní robh aon duine ann acht aon seanóir amháin críonliath. D’iarr sé lóistín na h‑oidhche. Dubhairt an seanóir go bhfuigheadh ⁊ fáilte. D’éirigh air maidin go luath lá air n‑a bhárach. D’fhiafraigh an seanóir cá robh sé ’g dul. D’innis dó mar thug an Crochaire Tárrnochttha leis nighean an ríogh ⁊ go robh sé a gcuartughadh. Is truagh nar fhan tú annsan bhaile, arsa an seanóir. Ní fheicfidh tú é a choidhche. Siubhailfidh mé go bhfaghaidh me bás, sin no go bhfaghaidh mé nighean an ríogh. Má ní tú siubhal anmhór, trathnóna tiocfaidh tú air theach eile cosamhail leis seo ⁊ gheóbh tú lóistín go maidin. Má tí tú go mbéidh graethe agad leis a choidhche, deán scairt air sheabhac Ghleann Dath Buidhe. Rinne sé sin ⁊ trathnóna go mall tharlaidh air an teach ⁊ chuaidh sé asteach. Fuair sé seanóir cosamhail leis an chéad seanóir. D’fhan aige go maidin. D’innis dó brígh a shiubhail. Má tí tú, arsa an seanóir, go mbéidh graethe agad leis a choidhche, deán scairt air dhobhrán donn Loch an Iubhair. Má ní tú siubhal maith béidh tú aig dearbhbhrathair domhsa trathnóna go mall. Sin dearbhbhrathair domh a robh tú aige aréir. Mur dtugaidh an fear a mbéidh tú aige anocht tuairisc dhuid ní bhfuigh tú é air dhruim an domhain. D’imthigh roimhe ⁊ ní siubhal a bhí sé acht ag reathaidh. Trathnóna go mall fuair se an teach. Fuair sé biadh ⁊ leabaidh mhaith. Go luath air maidin d’éirigh ⁊ d’innis do’n tseanóir brígh a shiubhail ⁊ go dé mar chaith sé an dá oidhche eile aig an da sheanóir eile. Is truagh liom do scéal, arsa an seanóir, do leitheidsa de bhuachaill bhréagh a bheith air shlighe a chaillte. Ní fheicfidh tú an Crochaire Tárrnochttha a choidche ⁊ is maith dhuid, na mhuirfeadh sé thú. Pill ’un an bhaile. Ní phillfidh mé go marbhfar mé. Sin no go bhfeicfidh mé nighean an ríogh. Cuirfidh mise giota eile thú, arsa an seanóir. Gabh síos ’un an chladaigh ⁊ má tí tú bád, gabh asteach inntí. Na labhair focal air bith. Chuaidh sé síos ’un an chladaigh ⁊ chonnaic sé bád beag baoideach miotail. Buachaill beag baoideach anns an bhád. Maide rámha i ngach láimh aige. Chuaidh sé asteach anns an bhád. Chuaidh an bád ’un fairge. Ní robh fhios aige cá deachaidh sí acht go deachaidh sí i bhfad. Fa dheireadh bhuail sí asteach air thalamh. Shiubhail sé suas an t‑oileán. Chonnaic sé seanchaisleán mór dubh. Chuaidh sé asteach ⁊ chonnaic sé annsin nighean an ríogh. Rinne sí fearadhfháilte mhór roimhe. Is maith mar tharlaidh, arsí. Tá an Crochaire Tárrnochttha air shiubhhal as baile ⁊ ní thiocfaidh sé go ceann thrí lá. Chuir

mise cúl air gan a phósadh go ceann bliadhna. Tá sé as baile