197
Riddles.
- Is lúgh ná luch, is aoirde ná each,
is gile ná gé, ⁊ bidhidh sé na dhiaidh sin dubh.
Áirne. - Bidhidh dorsóir carcair cruaidh san chroidhe.
Ní h‑ésin dó-san, bidhidh sé maoth.
Seasaidh sé san dorus mar bhéidheadh báillidh teann.
Buailtear asteach é mar bhéidheadh ging.
Tigidh an pinneóir le n‑a pheann.
Pollaidh ésean fríd a cheann.
Sciordaidh an gadaidhe ⁊ éirighidh an greann.
Stopalán an bhuideáil. - Ceathrar na rith, ceathrar air crith,
beirt ag deánadh an eólais, ⁊ lóibín air deireadh.
Bó.
Catches.
- Uisce bog air ghob an chapaill. Cumail go bog mín gob an chapaill.
- Is bog an fód é-seo faoi mo dhá chois. Ni buige é ná ’n fód tá láimh leis. Fód bog eadar dhá bhog. Is bug ⁊ is bug é an bogfhód.
Áindrías an Ime.
Bhí Áindrías an Ime na chomhnaidhe i mBaile ui Mún i nGleann an Bhaile Dhuibh. Bu leis Baile ui Mún, áit fiche bó ⁊ tarbh leobhtha. Ghlac an Seónstanach Mór é air scór ceithre chroc dhéag ime do dheánadh air fhichid bó an tSeónstanaigh. Seachtmhain roimhe Shamhain chuaidh an Seónstanach siar ⁊ seacht ngearráin ⁊ péire cliabh air ghach gearrán fá choinne a chuid ime. D’fhiafraigh bean Áindriáis Mhóir de Áindrías, go dé gheánfaidh mé? Tá an t‑im ithte agad. D’fhiafraigh Áindrías, bhfuil oiread ime agad a’s gheánfadh sinn aniu? ⁊ dubhairt sise, tá. Nuair d’ith siad a sáith, dubhairt an Seónstanach, a Áindriáis, is cóir duid an solathar do thabhairt domh, ⁊ dubhairt Áindrías, ní’l solathar air bith agam. D’ith mé é uilig. Dubhairt an Seónstanach, a Áindriáis, cuirfidh mé ’un an phríosúin thú. ⁊ dubhairt Áindrías, na cuir, acht cuir chugam na fiche bó bliadhain eile ⁊ bhéarfaidh mé mionna nach n‑ithim aon ghreim ime go ceann bliadhna. Rinne siad an margadh. Thoisigh Áindrías ⁊ a bhean ag sábháil an ime. Bhí deich
mba(th) aig