Page:Quiggin Dialect of Donegal 0237.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread, but needs to be validated.
237

liom a choidhche. Fuair an rí saoghal úr, nuair chonnaic sé a mhac beó. D’fhág Céadach slán ocú ⁊ chuaidh arís ’un fairge. Cá bhfuil tú ag dul? arsa Scaith Shíoda. A bhean, rachaidh mise anois go h‑Éirinn go bhfeicfidh muid Fionn mac Cumhaill ⁊ a bhunadh. Thainic go h‑Éirinn. Rinne Fionn féasta mór ann onóir do Chéadach ⁊ da bhean. Nuair bhí an féasta thart, dubhairt Céadach, is mithid dúinn do dhul ’un an bhaile go bhfeicidh muid go dé mar tá m’athair ⁊ mo mháthair ⁊ mo bhunadh uilig. Sheól siad ’un na dTulach. Nuair chonnaic an seanrí a mhac ⁊ an bhanphrionnsa amis an bhaile, dh’fhobair go bhfuigheadh sé bás de’n lúthgháir. Rinne sé féasta ⁊ banais mhór le n‑a mhac ⁊ an bhanphrionnsa. Nuair bhí an bhanais thart, corónaigheadh Céadach i rioghachta na dTulach. Chaith sé saoghal pléisiúrdha. Tá a iarraimh ann bpléisiúr ⁊ i sonas annsin go dtí an lá aniu.


Leadairt na bhfear mór.

Bhí Gaibhdín Gabhna na chomhnuidhe air an Dárnaí aig taobh Dhuncanéile.

Ní robh gaiscidheach air bith san rann Eórpa críochnaighthe, go bhfaghadh sé a chuid airm o Ghaibhdín Gabhna ⁊ cúrsa feoghluime.

Thainic aon lá amháin Cúchulainn annsair go bhfaghadh sé a chúrsa gaisceamhlacht críochnaighthe.

Ní gheánfad, arsa Gaibhdín Gabhna.

Thug Balar leis an Ghlais Ghaibhleanna uam le tréan láimhe.

Má bheir tú air ais an Ghlais Ghaibhleanna, gheánfaidh mise do ghraethe.

Bhéarfaidh mise í air ais, arsa Cúchulainn.

D’imthigh go Toraigh, an áit i robh caisleán Bhalair.

Nuair thainic sé go bruach na fairge, ghlac sé eagla roimhe Bhalar ⁊ chóirigh ó fhéin ann éideadh mná.

Chuaidh sé asteach.

D’innis do Bhalar gur chomrádaidhe í da nighin.

Ghlac nighean Bholair é mar chomrádaidhe.

Bhidheadh siad ag siubhal ⁊ ag comhrádh.

Bu ghoirid go robh fhios aig nighean Bhalair gur fear bhí ann a comrádaidhe.

Thuit sí go mór i ngrádh leis.

Ghuid nighean Bhalair ⁊ Cúchulainn an Ghlais Ghaibhleanna anns an oidhche ⁊ thug asteach air tír móir í.

Lá air n‑a bhárach chrunthaigh Balar a bhó.

Lean sé Cúchulainn.

Ag teacht aníos na Rosa, chonnaic sé Cúchulainn i bhfad roimhe.

Bhí súil neimhe aig Balar.

Nuair nochtadh sé í, an chéad rud da n‑amhairceachadh sé air, scriosfadh sé é.

D’amhairc sé i ndiaidh Chúchulainn.

Acht is é an talamh an chéad rud a chonnaic sé.

Rinne sin an talamh dearg ⁊ tá an dath sin air an tír sin o shoin.

Nuair thainic Cúchulainn fhad