Page:Quiggin Dialect of Donegal 0241.png

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread, but needs to be validated.
241

sé ann a sheasadh ⁊ faoi arm, nuair bhí an fathach mór i lathair.

Thusaigh an leadairt.

Ní fhacas a leitheid ariamh i n‑Éirinn.

Bhí cumadh air an fhathach mhór, go mbéidheadh sé ró-ábalta aig an chéad fhear.

Bhí níos mó de dháimh aig Cúchulainn leis an chéad fhear.

Thairng a chlaidhimh ⁊ thoisigh do bhualadh an fhir mhóir.

Ní robh ann acht go dtainic leis sroicheadh go meall a chos.

Mar sin fhéin, bhí sé cur feirge air an fhear mhór.

Chuir sé thart a lámh.

Fuair sé greim air.

Sháith sé suas faoi n‑a bheilt é.

Bhí fearg air Chúchulainn ⁊ thúsaigh sé do ghearradh na beilte.

Fá dheireadh fuair sé a gearradh.

Nuair gearradh an bheilt, thuit Cúchulainn ’un talaimh.

Ní fhuair sé aon leagadh ariamh comh mór leis.

Bhí níos mo feirge air ná bhí aroimhe ⁊ bhí sé cuir iargnuidh air an fhear mhór.

Chuir sé thart a lámh.

Rug sé air ⁊ chaith sé siar an machaire é.

Is é an ait ar thuit sé air mhullach a chinn síos ann adharc na bolóige.

Nuair chualaidh nighean Ghaibhdín, leig sí gáire mór i gcúl an dorais.

Ní Cúchulainn bu choir do bhéith ort san am sin, arsí, acht Cú na h‑Adhairce.

Mo mhallacht ort, arsa Cúchulainn, ⁊ air mhná na h‑Éireanna.

Tá an scéal caillte.

Bhí trian de sheanchas(c) na h‑Éireanna i bhfiannaigheacht, trian i scealaigheacht, trian air leadairt na bhfear mór.

Ní chluinfear go brathach é le h‑eagla go gcluinfidhe comh dona as d’éirigh domhsa.

Cailleadh an chuid eile de’n scéal.


Na trí daill ⁊ an Chevalier i mBaile-átha-clíath.

Tá tamall goirid o shoin bhí trí daill i mBaile-atha-clíath.

Budh é a n‑obair gach la ag iarraidh na deirce.

La amhain airite chas da chéile na trí bacaigh air dhroichead Bhaile-atha-Clíath.

Bhí aithne ocu air a chéile.

Bhí co heólach air an bhaile ’s go dtainic leis an uile dhuine ocu ’theacht ’un a thighe bhig fhéin tráthnóna.

Bhí an triúr ag déanamh mairignigh air co holc ⁊ d’éirigh an lá leóbhtha.

Bhí chevalier ag dul an bhealaigh.

Smaoitidh sé go ndéanfadh sé greann orthú.

Bhí aithne aig na daill air ⁊ is minic a thug sé airgead dóbhtha.

D’fhiafruigh sé díobhtha goidé mar bhí siad.

Dubhairt siad go rabh go holc, nach bhfuair siad pioctúr na banrioghan aniu.

D’fhiafruigh sé an ndéanfadh punta maith dóbhtha ⁊ dubhairt siad go ndéanfadh an uile chinéal maith.

Seo díbh punta arsé.

Déanaigidh bhur rogha rud leis.

Shín gach aon de’n triúr amach a lámh ⁊ níor chuir sé dadaí air láimh air bith.

Anois, arsé, déanaigidh bhur rogha rud