The Writings of Saint Patrick, the Apostle of Ireland/Translation of St. Patrick's Hymn into the Modern Irish

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
For other versions of this work, see mul:Fáeth fiada.
For other English-language translations of this work, see St. Patrick's Breastplate.
The Writings of Saint Patrick, the Apostle of Ireland (1874)
by Saint Patrick, edited by Charles Henry Hamilton Wright
Translation of St. Patrick's Hymn into the Modern Irish by Patrick, translated by James Goodman
2388994The Writings of Saint Patrick, the Apostle of Ireland — Translation of St. Patrick's Hymn into the Modern Irish1874Patrick, translated by James Goodman

Translation of St. Patrick's Hymn into the Modern Irish.

BY THE LATE

REV. JAMES GOODMAN, M.A.,

Professor of Irish in the University of Dublin.


Nasgaim me féin, a n-diu, le neart tréan, guiḋe na Tríonóide.
Creidim a d-trí pearsanna le h-adṁáil aondaċta Chruiṫuiġṫeóra an ḃreiṫeaṁnuis.
Nasgaim me féin a n-diu le neart gine Chríosd agus le na ḃaisde,
 le neart a ċroċda agus a aḋluicṫe,
 le neart a eiséirġe agus a ḋeasġaḃála
 le neart a ṫeaċda ċum breiṫeaṁnuis lae an ḃráṫa.
Nasgaim me féin a n-diu le neart gráḋa Sheraṗín,
a n-uṁluiġeaċd aingeal,
a ḃ-freasdal na n-árdaingeal,

a n-dóṫċas na h-eiséirġe mar luaċraoṫair,
a n-urnuiġṫiḃ na n-Aṫraċ n-uasal,
a d-tairrġireaċd na ḃ-fuirmideaċ,
a seanmóntaiḃ na n-Easbal,
a g-creideaṁ na ḃ-fuismideaċ,
a n-glaine na m-bannaoṁ,
a n-gníoṁaiḃ na ḃ-fíréan.
Nasgaim me féin a n-diu le neart Nenṅe,
solus gréine,
gille na geallaiġe,
aoiḃneas teineaḋ,
déine tinnteaċ,
luaiṫe gaoiṫe,
doiṁneaċd mara,
seasṁaċd talṁan,
dainigne na gacairgeaċ.
Nasgaim me féin a n-diu le neart Dé do'm stiúruġaḋ,
cúṁaċd Dé do'm ċongḃáil suas,
ciall Dé do'm ṫreóruġaḋ,
súil Dé do'm ḟaire,

cluas Dé do'm éisdeaċd,
briáṫar Dé le laḃairt ar mo ṡon,
láṁ Dé do'm ċosnaṁ,
slíġe Dé roṁam,,
sciaṫ Dé do'm ḋídean,
sluaġ Dé do'm anacul,
ar ḋoluiḃ deaṁon,
ar ṁealltóireaċd ḋuḃáilceaḋ,
ar ḟormadaiḃ aigne,

ar gaċ n-duine iarras mo ḋíoġḃáil,
a g-cein nó a n-gar dom,

a n-aonar nó le sluaġ.

Cuirim a n-diu na nearta so uile
idir me-féin agus gaċ neart naiṁdeaṁuil ead-trócaireaċ ṫiocfaḋ a n-aġaiḋ mo ċuirp nó m'anama:
a n-aġaiḋ ṫairrġireaċd ḟaiḋeaḋ fallsa,
a n-aġaiḋ duḃreaċda págánaċ,
a n-aġaiḋ saoḃ-reaċda eiriceaċ,
a n-aġaiḋ timceallaċd ioḋalaḋrioḋ,
a n-aġaiḋ piseóga ban, agus gaiḃneaḋ agus druaḋ,
a n-aġaiḋ gaċ feasa do ṫruaillfeaḋ corp agus anam an duine.
Críosd do'm ċosnaṁ a n-diu ar gaċ gné nieṁe,
ar losgaḋ, ar ḃaṫaḋ, ar ġuin,
nó go ḃ-faġainn iomad luarḋeaċdaḋ.
Críosd liom, Críosd róṁam, Críosd am ḋiaiġ,
Críosd ionnam, Críosd fúm, Críosd os mo ċionn,
Críosd ar mo ḋeis, Críosd ar mo láiṁċlé,
Críosd a leiṫead, Críosd a ḃ-daide, Críosd a n-aoirde,
Críosd a g-croiḋe gaċ n-duine smuaineas orm,

Críosd a m-béad gaċ n-duine laḃras liom,
Críosd a súil gaċ n-duine ḟéaċas orm,

Críosd a g-cluais gaċ n-aon ċloisfeas me.
Nasgaim me féin a n-diu le neart tréan, guiḋe na Tríonóide.
Creidim a d-trí pearsanna, le h-adṁáil aondaċda Cruiṫuiġṫeóra an ḃreiṫeaṁnuis.
Domini est sálus, Domini est sálus, Cristi est salus.
Salus tua Dómine sit semper nobiscum. Amen.